Músgraí Uí Fhloínn
Coiste Litríochta Mhúsgraí
Cuireadh an láithreán so cothrom le dáta é ar 10ú Mí na Nollag 2009.
Dé bheatha id shláinte go láithreán Choiste Litríochta Mhúsgraí.
Féilire Mhúsgraí Uí Fhloínn 2010
Seoladh Féilire na bliana age tosach an mhí seo, le línn Éigse Dhiarmuidín. Bímís ag Ól!:Tithe táirne is Ósta an teideal agus is iad scéal, stair agus seanachas thithe táirne na dúithí téama na bliana. Tá sé ar fáil i siopaí áitiúla ach is féidir é ' fháil tríd an phost díreach ón Choiste, ach teangabháil do dhéanamh línn.
An Coiste
Do cuireadh an Coiste ar bun i Mí na Feabhra (nú Mí na Féile Bríde - nú Mí na bhFaoide!) 2002 d'fhonn Gaelainn Mhúsgraí Uí Fhloinn, idir scrí agus labhairt, a shaothrú agus a chaomhnú, a's d'fhonn a dheimhniú ná leogfar i léig an cruinneas agus an saibhreas is dual do Ghaelainn Mhúsgraí.
Cuirimíd romhainn muarshaothar litríochta Mhúsgraí d'athfhoíllsiú de réir a chéile agus abhar teangan agus seanachais do chuir ar fáil ar an láithreán so. Ina theannta san, tá sé ar na bioráin againn acfuinní leictreonacha teangan do chuir leis an láithreán amach san aimsir.
Ag teacht lenár gcuid téarmaí tagartha i dtaobh na teangan, measadh nár chóir dhúinn ' bheith ceangailthe go daingean ag ortagrafaíocht Ghaelainn a' Chaighdeáin (a dearadh d'fhonn saintréithe Ghaelainn na gceantar éagsúla Gaelthachta a sheachaint). Shocraíomair ar litriú an láithreáin seo a ghléasadh, de réir mar is cuí, chun an leagan cainte Músgraíoch a léiriú don léitheoir. Seachnaítear, mar sin, foirmeacha a bhaineann le dúthaíbh eile: 'Gaeilge', 'Gaeigle', 'Gaeilic', 'Gaeltacht', 'Baile Bhuirne', 'Baile Bhúirne', 'freisin', 'fosta', 'fainic', 'faoi', 'Múscraí' agus mar sin do. Sa tsli seo, is féidir foclóir agus foghraíocht na háite a léiriú tríd an téacs.
Foíllseacháin
Tá eolas cuímsitheach ar leabhair athá eisithe ag a' gCoiste ar fáil ach rannóg foíllseachán an láithreáin seo do dhearcadh.
Músgraí Uí Fhloínn
Ceanntar Gaelthachta is ea Músgraí Uí Fhloinn (nú Gaeltacht Mhúscraí
, mar a tugtar go m'nic air) athá suite i lár/iarthar Chúndae Chorcaí, idir Magh Chromtha is Cíll Áirne. Sa dúthaigh seo athá Baile Mhúirne, Cíll na Martra, Cúil Aodha a's Réidh na nDoirí. (I gceanntar Uíbh Laoire athá Béal Átha 'n Ghaorthaidh, i ndeisceart Mhúsgraí.)
Láithreáin eile
Cork Irish
An t-é a bhfuil suím aige i nGaelainn Chorcaí (nú i nGaelainn na Mumhan trí chile), dob fhiú dho am do chaitheamh a' dearcadh corkirish.com. Pléitear cúrsaí canúnachais is gramadaí ann, is tá sleachta iúntacha 'cu as litríocht Mhúsgraí.
Tá téacs Mo Scéal Féin, leis an Athair Peadair Ua Laoghaire, acu, i dteannta taifead fuaime do a dhin Maighréad Uí Lionáird, dea-chainteoir dúchais ó Mhúsgraí. Tá sé le moladh!
TYI Munster
Tá grúpa díospóireachta darb ainm TYI Munster ann, leis. Foghlaim agus plé Ghaelainn Iarthar na Mumhan, bunaithe ar eagrán Dillon agua Uí Chróinín de Teach Yourself Irish. Cloíann an eagrán so go maith le Gaelainn Mhúsgraí don chuid is mó ach tá abhar ann don Duibhneach, don Déiseach agus d'fhear Uíbh Ráthaigh. Is m'nic ceisteanna aistriúcháin á bplé acu.
iMuscrai
Láithreán nea'spleách nuachta, seochas teangan é iMuscrai. Tá sé lonnaithe i Músgraí Uí Fhloínn.