Féilire Mhúsgraí Uí Fhloínn
Bheartaigh an Coiste féilire d'fhoíllsiú go bliantúil chun teacht isteach a sholáthar d'fhonn an obair fhoíllseathóireachta athá ar bun againn do chuir i gcrí’ agus, go deimhin, chun míreanna de Ghaelainn, de chulthúr agus de sheanachas na dúichí a chuir ar fáil don phobal ar shlí a luíonn isteach go cúmpórdach leis a' saol laethúil. Dáltha 'n láithreáin seo,tá litriú théacs 'n fhéilire gléasta sás is go dtuga sé leid don léitheóir i dtaobh an leagan dúchasach cainte.
Roghnaítear téama don bhféilire gach bliain, a chuireann eolas ar fáil don léitheóir ar theangain, ar stair, ar chulthúr agus ar mhuíntir na háite.
- Féilire 2010: Bímís ag Ól!: Tithe Táirne is Ósta
- Féilire 2009: Bailiúchán na Sgol
- Féilire 2008: Amhránaithe
- Féilire 2007: Níor foíllsíodh é seo
- Féilire 2006: Baíll sa Litríocht
- Féilire 2005: Scríbhneoirí